9. Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: “Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.”
10. Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.
11. Ón tír sin a tháinig Aisiúr a thóg Nínivé agus Rahobot Ír agus Cálach,
12. agus Reisen idir Nínivé agus Cálach; cathair mhór í sin.
13. Ghin Miosráím muintir Lúd agus Anám agus Laháb agus Naftúch
14. agus Patrús agus Caslúch, ónar shíolraigh na Filistínigh, agus Caftór.
15. Ghin Canán Síodón a chéad mhac, agus Héat,
16. agus na Iabúsaigh, na hAmóraigh, na Giorgáisigh,
17. na Hivigh, na hArcaigh, na Suínigh,
18. na hArvadaigh, na Zamáraigh, agus na Hamátaigh. Ina dhiaidh sin, leath treibheanna na gCanánach amach.
19. Ghabh críocha Chanán ó Shíodón i dtreo Ghearár go Gazá agus i dtreo Shodom agus Gomorá agus Adamá agus Zabóím go Laise.