Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Geineasas 10:5-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Uathusan a leath na daoine amach ar oileáin na nginte. [Sin iad clann mhac Iáfat] de réir a dtíortha, agus a dteangacha faoi leith, de réir a dtreibheanna agus a gciníocha.

6. Clann mhac Hám: Cúis agus Miosráím agus Pút agus Canán.

7. Clann mhac Chúis: Sabá agus Havalá agus Sabtá agus Rámá agus Sabtacá. Clann mhac Rámá: Seabá agus Deadán.

8. Ghin Cúis Niomrod, an chéad fhear ar talamh a ndearnadh flaith de.

9. Fiagaí éachtach a ba ea é i láthair an Tiarna, agus uime sin a deir an seanfhocal: “Fiagaí éachtach i láthair an Tiarna mar Niomrod.”

10. Thosaigh a ríocht le Báibil agus Eiric agus Acad, agus iad seo uile i dtír Shionár.

Léigh chaibidil críochnaithe Geineasas 10