Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 46:4-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Sé uan gan smál agus reithe gan smál a bheidh san íobairt dhóite a ofrálfaidh an prionsa don Tiarna lá na sabóide.

5. Tabharfaidh sé éafá mar abhlann leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

6. Lá na ré nua ofrálfaidh sé tarbh óg gan smál, sé uan gan smál agus reithe gan smál.

7. Tabharfaidh sé éafá leis an reithe, a rogha tabhartais leis na huain, agus hín ola le gach éafá.

8. “Ar dhul isteach don phrionsa rachaidh sé trí phóirse an gheata isteach agus fágfaidh sé an bealach céanna.

9. Nuair a thiocfaidh pobal na tíre i láthair an Tiarna ag na féilte sollúnta, an lucht a thiocfaidh isteach an geata thuaidh ag adhradh rachaidh siad amach an geata theas. Ní fhillfidh siad ar an ngeata trínar ghabh siad isteach ach rachaidh amach an geata atá díreach rompu.

10. Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.

11. Ag na féilte agus na séasúir chinnte ofrálfar éafá mar abhlann le gach tarbh, éafá le gach reithe, rogha tabhartais leis na huain agus hín ola le gach éafá.

12. Nuair a ofrálfaidh an prionsa íobairt dheonach, bíodh sí dóite nó ina híobairt síochána, don Tiarna, osclófar an geata thoir dó agus ofrálfaidh sé a íobairt dhóite agus a íobairt síochána mar a dhéanfaidh lá na sabóide. Ar dhul amach dó, dúnfar an geata ina dhiaidh.

13. Ofrálfaidh sé uan bliana gan smál mar íobairt dhóite don Tiarna gach lá; ofrálfaidh sé seo gach maidin.

14. Ofrálfaidh sé chomh maith gach maidin an séú cuid d'éafá agus an tríú cuid de hín ola le meascadh leis an bplúr. Sin tabhartas don Tiarna, deasghnáth buan síoraí.

15. Mar sin a dhéanfar an t‑uan agus an íobairt bhia agus an ola a sholáthar, maidin i ndiaidh maidine mar íobairt dhóite go brách.

16. “Seo mar a deir an Tiarna Dia. Má bhronnann an prionsa cuid dá oidhreacht ar a chlann mhac rachaidh an bronntanas i seilbh na mac agus beidh sé acu mar oidhreacht.

17. Ach má bhronnann sé cuid dá oidhreacht ar dhuine dá sheirbhísigh beidh sí aige go bliain na saoirse amháin agus fillfidh ansin ar an bprionsa. Ní choinneoidh aon duine cuid den oidhreacht ach an chlann mhac amháin.

18. Ní ghabhfaidh an prionsa aon chuid d'oidhreacht an phobail, á ndíbirt as seilbh go héagórach. Tabharfaidh sé oidhreacht dá chlann mhac as a mhaoin féin ionas nach ndíbreofar aon duine de mo phobal as seilbh.”

19. Thug sé isteach mé ansin tríd an mbealach a bhí ag taobh an gheata thuaidh go dtí na seomraí sa sanctóir a bhain leis na sagairt. Chonaic mé áit ansin siar uaim ag deireadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 46