Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 41:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. bhí tairseacha acu triúr agus fuinneoga laitíse thart timpeall gach ceann acu. Thart faoin tairseach bhí an Teampall painéalta le hadhmad ón urlár go dtí na fuinneoga; ba fhuinneoga laitíse iad.

17. Ón doras isteach go dtí an seomra inmheánach agus thart timpeall bhalla an tseomra inmheánaigh taobh amuigh agus taobh istigh,

18. bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite, ceiribín agus crann pailme gach re ceann. Bhí dhá aghaidh ar gach ceiribín,

19. aghaidh duine os comhair an chrainn phailme ar thaobh amháin agus aghaidh leoin os comhair an chrainn phailme ar an taobh eile, agus iad snoite thart timpeall an Teampaill ar fad.

20. Bhí na ceiríbíní agus na crainn phailme snoite ón urlár go dtí os cionn an dorais agus ar an mballa.

21. Bhí colúin an halla cearnógach.Os comhair an tsanctóra bhí mar a bheadh

22. altóir adhmaid, a bhí trí bhanlámh ar airde, dhá bhanlámh ar fad agus dhá bhanlámh ar leithead. Ba d'adhmad a cúinní, a bun agus a taobhanna. Dúirt sé liom: “Seo é an tábla atá os comhair an Tiarna.”

23. Bhí doras dúbailte ar an halla agus doras dúbailte ar an sanctóir.

24. Bhí dhá dhuilleog ag na doirse seo, dhá dhuilleog infhillte ag gach ceann acu.

25. Ar dhoirse an halla bhí ceiribíní agus crainn phailme snoite mar a bhí ar na ballaí; agus bhí scáthlán adhmaid trasna os comhair an phóirse amuigh.

26. Bhí fuinneoga laitíse agus crainn phailme ar gach taobh acu ar bhallaí an phóirse agus ar na taobhsheomraí ag taobh an Teampaill agus ar na scáthláin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 41