Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 40:33-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. A thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse bhí siad uile ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse ann; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

34. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar na hursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.

35. Thug sé go dtí an geata thuaidh mé. Thomhais sé é:

36. bhí sé ar aon mhiosúr leis na cinn eile. Bhí a thaobhsheomraí, a ursaineacha agus a phóirse [ar aon mhiosúr leis na cinn éile]. Bhí fuinneoga thart timpeall air: bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

37. Bhí a phóirse ar aghaidh na cúirte seachtraí, bhí crainn phailme ar a ursaineacha, ceann ar gach taobh, agus ocht gcéim ag dul suas chuige.

38. Bhí seomra a raibh bealach isteach ann ó phóirse an gheata, áit a nídís an íobairt dhóite.

39. I bpóirse an gheata bhí dhá thábla ar gach taobh le haghaidh marú na híobartha dóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh.

40. Ag dul isteach ag an ngeata thuaidh bhí dhá thábla; agus ar an taobh eile den phóirse ag an ngeata bhí dhá thábla.

41. Bhí ceithre thábla taobh istigh agus ceithre thábla taobh amuigh den phóirse; ocht dtábla ar fad ar a maraídís na híobairtí.

42. Bhí fosta ceithre thábla de chlocha snoite do na híobairtí dóite, a bhí banlámh go leith ar fad, banlámh go leith ar leithead agus banlámh ar airde, ar a gcuirtí na gréithre go léir le haghaidh marú na n‑íobairtí dóite agus na n‑ofrálacha.

43. Bhí crúcaí i ngreim timpeall laistigh agus leithead boise d'fhad iontu. Chuirtí feoil na híobartha ar na táblaí sin.

44. Thug sé ansin mé isteach sa chúirt inmheánach. Bhí dhá sheomra sa chúirt inmheánach, [ceann] ag taobh an gheata thuaidh ag féachaint ó dheas agus an ceann eile ag taobh an gheata theas ag féachaint ó thuaidh.

45. Ar seisean liom: “An seomra seo a fhéachann ó dheas is do shagairt an Teampaill é;

46. do shagairt na haltóra an seomra a fhéachann ó thuaidh. Mic Zádóc iad, an t‑aon dream de mhic Léiví a thagann i ngar don Tiarna chun freastal air.”

47. Thomhais sé an chúirt inmheánach. Ba chearnóg í a bhí céad banlámh ar fad agus céad banlámh ar leithead; bhí an altóir os comhair an Teampaill.

48. Thug sé ansin mé go póirse an Teampaill. Thomhais sé ursaineacha an phóirse; bhí siad cúig bhanlámh ar gach taobh. Bhí an geata isteach ceithre bhanlámh déag ar leithead agus bhí [balla] thrí bhanlámh ar gach taobh de.

49. Bhí an póirse fiche banlámh ar fad agus dhá bhanlámh déag ar leithead. Bhí deich gcéim ag dul suas chuige agus colúin le hais na n‑ursaineacha ar gach taobh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 40