Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 40:13-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras.

14. Thomhais sé an póirse, a bhí fiche banlámh; in aice leis an bpóirse bhí an chúirt sheachtrach.

15. Ó dhul isteach an gheata fad leis an bpóirse istigh bhí caoga banlámh.

16. Ar gach taobh den gheata bhí fuinneoga spréite, sna taobhsheomraí agus sna spásanna eatarthu, agus mar an gcéanna bhí fuinneoga thart timpeall an phóirse agus crainn phailme ar na hursaineacha.

17. Thug sé isteach mé ansin sa chúirt sheachtrach a raibh seomraí ann agus pábháil thart timpeall na cúirte; tríocha seomra ar aghaidh na pábhála.

18. An phábháil a shín leis na geataí agus a bhí ar aon fhad leo, sin an phábháil íochtarach.

19. Thomhais sé ansin ón taobh istigh den gheata íochtarach go dtí an taobh amuigh den chúirt inmheánach, bhí sé céad banlámh soir agus ó thuaidh.

20. Thomhais sé geata thuaidh na cúirte seachtraí ar a fhad agus ar a leithead.

21. Bhí trí thaobhsheomra ann ar gach taobh; bhí na hursaineacha agus an póirse ar aon mhiosúr leo siúd ag an gcéad gheata, caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

22. Bhí a fhuinneoga, a phóirse agus a chrainn phailme ar aon mhiosúr leo siúd ag an ngeata thoir. Bhí seacht gcéim ag dul suas chuige agus bhí a phóirse ar an taobh istigh.

23. Sa chúirt inmheánach os comhair an gheata thuaidh bhí geata mar a bhí os comhair an gheata thoir. Thomhais sé ó gheata go geata; bhí sé céad banlámh.

24. Thug sé ansin mé ó dheas mar a raibh geata ag oscailt ó dheas. Thomhais sé na hursaineacha agus an póirse ann; bhí siad ar aon mhiosúr leis na cinn eile.

25. Bhí fuinneoga thart timpeall air agus sa phóirse amhail fuinneoga an chinn eile; bhí sé caoga banlámh ar fad agus cúig bhanlámh is fiche ar leithead.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 40