1. Sa chúigiú bliain is fiche dár mbraighdeanas, ag tús na bliana, ar an deichiú lá den mhí, ceithre bliana déag tar éis scrios na cathrach, bhí lámh an Tiarna orm.
2. I bhfís ó Dhia thug sé leis mé go tír Iosrael agus leag síos mé ar shliabh an-ard a raibh mar a bheadh cathair ó dheas uaidh.
3. Thug sé ansin mé agus, féach, bhí fear ann a raibh cuma práis air. Bhí corda lín agus slat tomhais ina láimh aige agus é ina sheasamh sa gheata.
4. Dúirt an fear liom: “A mhic an duine, féach go grinn, éist go haireach agus leag d'intinn ar a dtaispeánfaidh mé duit. Óir is chun go dtaispeánfainn duit é a tugadh anseo thú. Foilsigh a bhfeiceann tú do mhuintir Iosrael.”
5. Féach, bhí balla thart timpeall an Teampaill ar fad lasmuigh agus i láimh an fhir bhí slat tomhais a bhí sé bhanlámh ar fad - banlámh ar chomhfhad le cnámh rí agus leithead boise a bhí i gceist. Thomhais sé leithead an bhalla, a bhí slat; agus a airde, a bhí slat.
6. Chuaigh sé go dtí an geata thoir, chuaigh na céimeanna suas agus thomhais tairseach an gheata, a bhí slat ar a dhoimhneas;
7. agus na taobhsheomraí, a bhí slat ar fad agus slat ar leithead; agus an spás idir na taobhsheomraí a bhí cúig bhanlámh ar leithead; agus tairseach an gheata isteach ó phóirse an gheata, a bhí slat.
8. Ansin thomhais sé póirse an gheata, a bhí ocht mbanlámh;
9. agus a ursaineacha, a bhí dhá bhanlámh. Bhí póirse an gheata ar an taobh istigh.
10. Bhí trí thaobhsheomra ar gach taobh den gheata thoir; bhí na trí cinn ar aon mhiosúr; agus na hursaineacha ar gach taobh bhí siad ar aon mhiosúr.
11. Thomhais sé leithead bhéal an gheata, a bhí deich mbanlámh; agus leithead an gheata tríd síos, a bhí trí bhanlámh déag.
12. Bhí ráille os comhair na dtaobhsheomraí, a bhí banlámh ar gach taobh; agus bhí na taobhsheomraí sé bhanlámh ar gach taobh.
13. Ansin thomhais sé an geata ó [chúl] taobhsheomra amháin go [cúl] taobhsheomra eile; bhí sé cúig bhanlámh is fiche ar leithead ó dhoras go doras.
14. Thomhais sé an póirse, a bhí fiche banlámh; in aice leis an bpóirse bhí an chúirt sheachtrach.