Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 34:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig briathar an Tiarna chugam:

2. “A mhic an duine, tairngir i gcoinne tréadaithe Iosrael. Tairngir agus abair leo, is é sin, leis na tréadaithe: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Mairg do thréadaithe Iosrael a bheathaíonn iad féin! Nár chóir do thréadaithe an tréad a bheathú?

3. Itheann sibhse an tsaill, gléasann sibh sibh féin le holann, maraíonn sibh an beithíoch biata, ach ní bheathaíonn sibh an tréad.

4. Níor neartaigh sibh an t‑easlán, níor leigheas an chaora thinn, níor cheangail sibh an bacach, níor thug ar ais an seachránaí, níor chuardaigh sibh an ceann a bhí caillte. Ba le láimh laidir throm a rialaigh sibh iad.

5. De cheal tréadaí scaipeadh iad, ina gcreach ag na hainmhithe allta.

6. Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.

7. “Dá bhrí sin, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

8. Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - de bhrí go bhfuil mo chaoirigh mar chreach agus mar chothú ag na hainmhithe allta de cheal tréadaí, agus de bhrí nár bhac na tréadaithe leis na caoirigh a lorg, ach gur bheathaigh siad iad féin agus nár bheathaigh siad mo chaoirigh;

9. dá bhrí sin uile, a thréadaithe, éistigí le briathar an Tiarna.

10. Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.

11. “Óir seo mar a deir an Tiarna Dia. Cuardóidh mé féin na caoirigh agus beidh a gcúram orm féin amháin.

12. Dála mar a bhíonn cúram na gcaorach ar an tréadaí a fhanann i lár an tréada scaipthe ar fán, coinneoidh mise súil ar mo chaoirigh. Déanfaidh mé iad a fhuascailt ó cibé áit ina ndeachaigh siad ar seachrán sa cheo agus sa dorchadas.

13. Bainfidh mé amach as na ciníocha iad, baileoidh mé ó na tíortha iad, agus seolfaidh mé isteach ina ndúiche féin iad. Beathóidh mé iad ar shléibhte Iosrael, láimh leis na toibreacha agus i ngach uile áit chónaithe sa tír.

14. Beathóidh mé iad in innilt mhéith agus beidh a mbanrach ar shléibhte arda Iosrael. Luífidh siad síos ansin i mbanrach mhaith agus beidh féarach méith acu ar shléibhte Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 34