Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eizicéil 18:5-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. “Géilleann an fíréan don dlí agus don cheart,

6. ní itheann sé ar na sléibhte, ní thógann sé a shúile chun íola mhuintir Iosrael, ní thruaillíonn sé bean a chomharsan, ní théann i ndáil mhná le linn a fola míosúla.

7. Ní imríonn sé éagóir ar aon duine, ach tugann sé a gheall ar ais dá fhéichiúnaí; ní ghoideann sé, ach tugann arán don ocrach agus éadaí don nocht.

8. Ní thugann sé uaidh ar úsaireacht, ní ghlacann sé brabús, staonann sé ón olc, tugann sé breithiúnas cóir idir duine agus duine;

9. siúlann sé de réir mo reachtanna agus comhlíonann mo dheasghnátha go cúramach. Tá a leithéid fíréanta dáiríre agus mairfidh sé go deimhin. Is é an Tiarna Dia a labhraíonn.

10. “Ach má ghineann sé bithiúnach fuilteach de mhac

11. nach ndéanann aon dualgas díobh seo, ach a itheann ar na sléibhte, a thruaillíonn bean a chomharsan,

12. a imríonn éagóir ar an mbochtán agus ar an ainniseoir, a ghoideann, nach dtugann geall ar ais, a thógann a shúile chun na n‑íol, a mbíonn imeachtaí gránna ar siúl aige,

13. a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.

14. “Ach má ghineann an fear seo mac a fheiceann na peacaí a rinne a athair, a ghabhann eagla agus nach ndéanann beart dá réir,

15. nach n‑itheann ar na sléibhte, nach dtógann a shúile chun íola mhuintir Iosrael, nach dtruaillíonn bean a chomharsan,

16. nach n‑imríonn éagóir ar aon duine, nach n‑éilíonn geall, nach ngoideann; ach a thugann arán don ocrach agus éadaí don nocht,

17. a staonann ón olc, nach dtugann uaidh ar úsaireacht agus nach nglacann brabús, a chomhlíonann mo dheasghnátha agus a shiúlann de réir mo reachtanna; ní éagfaidh seisean de bharr peacaí a athar, ach mairfidh sé go deimhin.

18. Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.

19. “Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.

Léigh chaibidil críochnaithe Eizicéil 18