Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 9:3-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Thug lucht ceannais na gcúigí, na satraipí, na gobharnóirí, agus na feidhmeannaigh ríoga lámh chúnta do na Giúdaigh le heagla roimh Mhordacaí,

4. mar ba chumhachtach é Mordacaí i dteaghlach an rí agus bhí a cháil leata ar fud na gcúigí go léir; bhí cumhacht Mhordacaí ag borradh agus ag fás i gcónaí.

5. D'imir na Giúdaigh faobhar claímh ar a naimhde go léir, á scriosadh agus á marú, agus rinne siad a rogha rud leis an muintir a thug fuath dóibh.

6. I ndúnfort Shúsa féin chuir na Giúdaigh cúig céad fear chun báis,

7. agus go háirithe Pairseandátá, Dalfón, Aspátá,

8. Pórátá, Adailiá, Airíodátá,

9. Parmaisteá, Airíosaí, Airíodaí, agus Iazátá,

10. deichniúr mac Hámán mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach; ach creach níor ghabhadar.

11. Cuireadh an líon a maraíodh i ndúnfort Shúsa in iúl don rí an lá céanna.

12. Agus dúirt an rí leis an mbanríon Eistir: “Mharaigh na Giúdaigh cúig céad fear agus deichniúr mac Hámán chomh maith i ndúnfort Shúsa. Cad é nach bhfuil déanta acu dá réir sin i gcúigí eile an rí! Cén t‑iarratas atá agat anois? Tabharfaidh mé duit é. Cén achainí eile atá agat? Níl agat ach é a rá agus gheobhaidh tú é.”

13. Agus dúirt Eistir: “Más toil leis an rí é, bíodh sé de chead ag na Giúdaigh i Súsa déanamh de réir reacht an lae inniu amárach chomh maith. Agus crochtar deichniúr mac Hámán ar an gcroch.”

14. D'ordaigh an rí go ndéanfaí amhlaidh agus eisíodh an reacht i Súsa, agus crochadh deichniúr mac Hámán.

15. Chruinnigh na Giúdaigh i Súsa le chéile ar an gceathrú lá déag de mhí Adár agus bhásaigh siad trí chéad fear i Súsa, ach gan lámh a leagan ar an gcreach.

16. Chruinnigh na Giúdaigh eile a bhí ag cur fúthu i gcúigí an rí lena n‑anam a chosaint agus fáil réidh lena naimhde. Chuireadar seachtó cúig míle dá n‑eascairde chun báis, ach níor leag siad lámh ar an gcreach.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 9