Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 9:22-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht.

23. Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh:

24. “Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n‑aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte.

25. Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac.

26. Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.” De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh,

27. dhearbhaigh na Giúdaigh agus ghabhadar orthu agus ar a sliocht, agus ar chách a ghabh leo, an dá lá sin a cheiliúradh gan teip gach bliain de réir mar a bhí scríofa agus ag an am a bhí ceaptha;

28. agus go gcoimeádfaí cuimhne ar na laethanta sin agus go ndéanfaí iad a chomóradh ó ghlúin go glúin i ngach teaghlach agus cúige agus cathair; agus nach ndéanfaí faillí ar laethanta sin Phúirím go brách i measc na nGiúdach, agus nach rachadh bá ar a gcuimhne i measc a sleachta.

29. Ansin scríobh an bhanríon Eistir, iníon Aibíochaíl, agus Mordacaí, an Giúdach, go lánúdarásach ag daingniú an dara litir seo faoi Phúirím.

30. Seoladh litreacha chuig na Giúdaigh go léir sa chéad fiche a seacht gcúige de ríocht Aisiuéaróis i mbriathra síochána agus fírinne,

31. á ordú dóibh laethanta seo Phúirím a cheiliúradh an tráth is dual, mar a leag Mordacaí an Giúdach agus an bhanríon Eistir síos do na Giúdaigh, agus mar a ghabh siadsan orthu féin agus ar a sliocht, idir dhualgais troscaidh agus chaointe.

32. Rinne reacht na banríona Eistir an gnás seo Phúirím a shocrú agus cuireadh ar phár é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 9