Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 9:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ach na Giúdaigh a bhí i Súsa, chruinníodar le chéile ar an tríú lá déag agus ar an gceathrú lá déag agus ba ar an gcúigiú lá déag a scoireadar agus a bhí lá fleá agus aoibhnis acu.

19. Uime sin a dhéanann na Giúdaigh, a chónaíonn sna sráidbhailte agus atá ag cur fúthu sna bailte gan bhallaí, lá aoibhnis agus fleá agus saoire den cheathrú lá déag de mhí Adár, agus lá ar a gcuireann siad togha spólaí chun a chéile. 19a Ach iad siúd atá ag cur fúthu sna cathracha, is ar an gcúigiú lá déag den mhí a bhíonn an lá aoibhnis acu agus a chuireann siad spólaí chun a chéile.

20. Chuir Mordacaí na nithe sin go léir ar phár agus sheol sé litreacha chuig na Giúdaigh go léir i gcúigí uile an rí Aisiuéaróis, i gcéin agus i gcóngar,

21. á ordú dóibh an ceathrú lá déag agus an cúigiú lá déag de mhí Adár a cheiliúradh mar fhéile ó bhliain go bliain,

22. mar gur ar na laethanta sin a fuair na Giúdaigh fuascailt óna naimhde agus a rinneadh gáire dá ngol, agus saoire dá gcaoineadh; agus na laethanta sin a bheith ina laethanta fleá agus aoibhnis, agus saoire, agus ina laethanta le spólaí a sheoladh chun a chéile, agus déirc a thabhairt do na boicht.

23. Bhí tús curtha ag na Giúdaigh leis na cleachtaithe sin, agus anois ghealladar go leanfaidís leo, faoi mar a scríobh Mordacaí chucu ina dtaobh:

24. “Rinne Hámán an tAgágach, mac Hamadátá, namhaid na nGiúdach go léir, ceilg ina n‑aghaidh lena scriosadh, agus chaith sé an púr, an crann is é sin, chun a scriosta agus a millte.

25. Ach nuair a tháinig Eistir i láthair an rí, thug seisean ordú i scríbhinn go bhfillfeadh an scéim dhanartha a bhí beartaithe aige in aghaidh na nGiúdach sa mhullach air féin, agus go gcrochfaí ar an gcroch é féin agus a chlann mhac.

26. Uime sin a tugadh Púirím ar na laethanta sin, ón bhfocal púr.” De bharr ar scríobhadh sa litir sin, agus a bhfaca siad féin, agus ar tharla dóibh,

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 9