Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 8:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá ceannann céanna thug an rí Aisiuéaróis teach Hámán, géarleantóir na nGiúdach, don bhanríon Eistir. Agus tháinig Mordacaí i láthair an rí mar chuir Eistir in iúl don rí cén gaol a bhí eatarthu.

2. An fáinne séala a thug an rí do Hámán, bhain sé de arís é, agus thug é do Mhordacaí, agus chuir Eistir Mordacaí i gceannas ar theach Hámán.

3. Ansin labhair Eistir arís leis an rí. Chaith sí í féin ag a chosa á impí air go géar goirt deorach an t‑olc a bheartaigh Hámán agus a scéim urchóideach in aghaidh na nGiúdach a chur ar ceal.

4. Shín an rí an tslat ríoga óir chuig Eistir,

5. agus d'éirigh sí agus sheas os comhair an rí: “Más toil leis an rí é agus má tá lé aige liom, más ceart é m'iarratas dar leis, agus más gean leis mé, deonaíodh sé ordú a chur ar phár ag aisghairm na litreacha a chum Hámán mac Hamadátá, an tAgágach, d'fhonn na Giúdaigh go léir a dhíothú i ngach cúige de chúigí an rí.

6. Mar conas a d'fhéadfainn a bheith ag faire ar an olc agus ar an urchóid go léir atá i ndán do mo mhuintir? Conas a thiocfadh liom a bheith ag faire ar mo chine á ndíothú?”

7. Ansin dúirt an rí Aisiuéaróis leis an mbanríon Eistir agus le Mordacaí an Giúdach: “Féach! thug mé teach Hámán d'Eistir, agus crochadh é féin ar an gcroch de bhrí gur bheartaigh sé lámha a leagan ar na Giúdaigh.

8. Scríobhaigí mar is rogha libh i dtaobh na nGiúdach, in ainm an rí, agus cuirigí séala ar an scríbhinn le fáinne an rí; óir ní féidir ordú scríofa in ainm an rí agus seálaithe le fáinne an rí a chur ar ceal.”

9. Cuireadh fios ar scríobhaithe an rí ar an toirt - ba é an tríú mí é, mí Síveán, agus an tríú lá fichead den mhí - agus scríobhadh orduithe de réir mar a dheachtaigh Mordacaí, do na Giúdaigh, do na cúigigh, do na gobharnóirí agus do lucht ceannais na gcúigí go léir ón Ind go dtí an Aetóip - céad fiche a seacht gcúige - do gach cúige ina scríbhinn féin, agus do gach cine ina theanga féin, agus do na Giúdaigh ina scríbhinn agus ina dteanga féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 8