Ansin dúirt Harbóna, duine de na coillteáin a bhí i láthair ag freastal ar an rí: “Maith mar a tharla! An chroch leathchead banlámh ar airde a ghléas Hámán do Mhordacaí, an té a thug anam an rí slán lena thuairisc thráthúil tá sí réidh ina theach.” “Croch uirthi sin é,” arsan rí.