Nuair a d'fhill an rí ar ais ó ghairdín an pháláis go halla na fleá fíona, bhí Hámán caite ar an tolg mar a raibh Eistir. “Cad é seo!” arsan rí. “An bhfuil sé ar tí an bhanríon a éigniú os comhair mo shúl i mo theach féin?” Is ar éigean a bhí na focail as a bhéal nuair a cuireadh púicín an bháis ar Hámán.