agus tugtar an éide ríoga agus an t‑each i lámha duine de na flatha is uaisle de mhuintir an rí; agus cóiríodh seisean an té is mian leis an rí a onórú agus seoladh sé ar mhuin an eich é trí fhaiche na cathrach agus fógra á thabhairt roimhe: ‘Seo mar a dhéanfar leis an té ar mian leis an rí é a onórú!’ ”