Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 5:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an tríú lá, nuair a scoir sí dá hurnaí, bhain sí di a feisteas troscaidh, agus chóirigh í féin in éidí a glóire. 1a Ansin, faoi mhaise niamhrach, ghlaoigh sí ar Dhia a thugann aire don uile dhuine agus a shlánaíonn cách, agus thug sí beirt ionailt léi ansin; luigh sí mar thaca go leochaileach ar dhuine díobh, agus lean an duine eile í ag iompar a triopaill. Bhí sí, mar a bheadh ag luí ar ghéag na hionailte go neamhchúiseach, ach dáiríre ba amhlaidh nach raibh sé de neart ina corp í a iompar; bhí an ionailt eile ina diaidh ag coimeád eireabaill fhairsing a gúna ón talamh a scuabadh, 1b luisne an róis ina leaca le barr snó; bhí grá agus lúcháir ina gnúis; ach bhí an croí á shnoí inti le heagla. 1c Chuir sí doras i ndiaidh dorais di go dtí gur tháinig sí i láthair an rí. Bhí seisean ina shuí ina ríchathaoir agus é gléasta i lánéide a mhórgachta, ag glioscarnach le loinnir an óir agus na liag lómhar; ba scanrúil an radharc é! 1d D'ardaigh sé a cheann agus loinnir na mórgachta ina ghnúis, agus d'fhéach uirthi le fraoch feirge. Thit an lug ar an lag ag an mbanríon; d'iompaigh a lí, agus lig sí a ceann ar a hionailt a bhí mar thaca aici, 1eAch ansin bhog Dia croí an rí, agus thug spiorad níos cneasta dó. Phreab sé as a chathaoir agus eagla an domhain air agus rug ina dhá láimh uirthi nó gur tháinig sí chuici féin, agus bhí sé á muirniú lena chaint chneasta: 1f “Céard atá ort, a Eistir,” ar sé, “is mise do dheartháir; bíodh misneach agat; ní baol duit, ní bhfaighidh tú bás; don choitiantacht amháin an dlí seo linn. Tar anseo chugam.”

2. Agus d'ardaigh sé an tslat órga agus leag ar a muineál í, agus rug barróg uirthi agus dúirt: “Labhair liom.” 2a “A thiarna,” ar sí, “chonaic mé thú mar a bheadh aingeal Dé ann, agus tháinig scanradh croí orm le heagla roimh do ghlóir. Óir is ábhar iontais thú, a thiarna, agus tá do ghnúis lán de chneastacht.” 2b Agus le linn di a bheith ag caint mar sin, thit sí i laige; bhí suaitheadh ar an rí agus bhí a lucht freastail go léir ar a ndícheall ag iarraidh í a thabhairt chuici féin.

3. “Cad tá uait, a Eistir,” arsan rí, “agus cén achainí atá agat [orm]? Fiú más é leath mo ríochta féin é, gheobhaidh tú uaim é.”

4. D'fhreagair Eistir: “Lá de mo shaol an lá seo; más toil leis an rí é, dá bhrí sin, tagadh sé féin agus Hámán go dtí an fhleá a ullmhóidh mé inniu.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 5