Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eistir (Gr) 2:13-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Nuair a théadh sí isteach chun an rí mar sin, thugtaí do gach ainnir cibé ní a d'iarrfadh sí le tabhairt léi as áras na mban go háras an rí.

14. Théadh sí isteach tráthnóna agus thagadh amach arís maidin lá arna mhárach go háras eile ban a bhí i gcúram Seaisgeaz, an coillteán a bhí ag an rí i bhfeighil na mban leapa. Ní thagadh sí chun an rí arís ina dhiaidh sin mura mbainfeadh seisean taitneamh ar leith aisti agus fios a chur uirthi as a hainm.

15. Dála Eistir, iníon Aibíochaíl, deartháir athar do Mhordacaí, an cailín úd a ghabh sé chuige mar iníon dó féin, tháinig a seal le dul isteach go dtí an rí; níor iarr sí aon ní, thar mar a bhí socair ag Héagai, coillteán an rí agus coimeádaí na mban. Ní raibh aon duine dá bhfaca í nár thug gean di.

16. Tugadh Eistir isteach ina phálás go dtí an rí Aisiuéaróis sa deichiú mí, ar a dtugtar Taebaet, sa seachtú bliain dá réimeas.

17. Thug an rí grá d'Eistir thar na mná go léir, agus ba mhó a chion agus a ghean uirthi ná ar na maighdeana eile go léir, ionas gur chuir sé an choróin ríoga ar a ceann, agus go ndearna banríon di in ionad Vaistí.

18. Rinne an rí ansin fleá mhór, .i. fleá Eistir, dá ghobharnóirí agus dá fheidhmeannaigh go léir; agus thug sé saoire do na cúigí agus bhronn tíolacthaí go fial orthu mar ba dhual do rí.

19. [Nuair a aistríodh Eistir dála na gcailíní eile go dtí an dara háras,]

20. níor nocht sí fós cér díobh í ná cárbh as di ó dhúchas, de réir mar a d'ordaigh Mordacaí, óir chomhlíon sí a orduithe faoi mar a dhéanadh nuair a bhí sí faoina chúram.

21. Um an dtaca sin, le linn do Mhordacaí a bheith ina shuí ag geata an rí, tháinig olc ar bheirt de choillteáin an rí, Bigteán agus Teiris, ó lucht faire an dorais agus rinne siad ceilg chun an rí Aisiuéaróis a bhású.

22. Fuair Mordacaí gaoth an fhocail agus thug an scéal d'Eistir an bhanríon, agus d'inis sise don rí é in ainm Mhordacaí.

23. Rinneadh an chúis a fhiosrú ina dhiaidh sin, agus deimhníodh gur mar sin a bhí. Crochadh an bheirt ar chroch agus breacadh síos na cúrsaí sin ar phár i Leabhar na gCroinicí i láthair an rí.

Léigh chaibidil críochnaithe Eistir (Gr) 2