Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 2:53-63 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

53. clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach,

54. clann mhac Nizíach, clann mhac Haitífeá.

55. Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Hasoifeirit, clann mhac Pharúdá,

56. clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil,

57. clann mhac Sheafatiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Ámaí.

58. Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó.

59. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adán, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:

60. clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad caoga a dó.

61. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.

62. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláir a gcraobh sinseartha ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.

63. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.

Léigh chaibidil críochnaithe Eazrá 2