Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Na Daoine a d'Fhill

1. B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.

2. Tháinig siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Saráiá, Raeláiá, Mordacaí, Bilseán, Miospár, Bigví, Rachúm, Báná.Liosta na bhfear de phobal Iosrael:

3. clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;

4. clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;

5. clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig;

6. clann mhac Phachat Móáb, clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a dó dhéag;

7. clann mhac Éalám, míle dhá chéad agus a caoga ceathair;

8. clann mhac Zatú, naoi gcéad daichead a cúig;

9. clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca;

10. clann mhac Bháiní, sé chéad daichead a dó;

11. clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a trí;

12. clann mhac Azgád, míle dhá chéad fiche a dó;

13. clann mhac Adoiníceám, sé chéad a seasca a sé;

14. clann mhac Bhigví, dhá mhíle caoga a sé;

15. clann mhac Áidín, ceithre chéad caoga a ceathair;

16. clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, naocha a hocht;

17. clann mhac Bhaezái, trí chéad tríocha a trí;

18. clann mhac Iórá, céad agus a dó dhéag;

19. clann mhac Háisium, dhá chéad fiche a trí;

20. clann mhac Ghiobár, naocha a cúig;

21. clann mhac Bheithile, céad agus a fiche trí;

22. fir Natofá, caoga a sé;

23. fir Anatót, céad fiche a hocht;

24. clann mhac Azmávat, daichead a dó;

25. clann mhac Chiriatáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí;

26. clann mhac Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon;

27. fir Mhicmeás, céad fiche a dó;

28. fir Bhéitéil agus Háí, dhá chéad fiche a trí;

29. clann mhac Neabó, caoga a dó;

30. clann mhac Mhaigbís, céad caoga a sé;

31. clann mhac Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair;

32. clann mhac Háirim, trí chéad agus a fiche;

33. clann mhac Lod, Háidíd, agus Ónó, seacht gcéad fiche a cúig;

34. fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig;

35. clann mhac Shaná, trí mhíle sé chéad agus a tríocha.

36. Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí;

37. clann mhac Iméir, míle caoga a dó;

38. clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad agus a daichead seacht;

39. clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag.

40. Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.

41. Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht.

42. Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái; céad tríocha a naoi ar fad.

43. Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót,

44. clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón,

45. clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Acúb,

46. clann mhac Hágáb, clann mhac Sheamlaí, clann mhac Hanán,

47. clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar, clann mhac Ráiá,

48. clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá, clann mhac Ghazám,

49. clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech, clann mhac Bhaesai,

50. clann mhac Asná, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím,

51. clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr,

52. clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhichídéá, clann mhac Harsá,

53. clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach,

54. clann mhac Nizíach, clann mhac Haitífeá.

55. Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Hasoifeirit, clann mhac Pharúdá,

56. clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil,

57. clann mhac Sheafatiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Ámaí.

58. Líon iomlán na dtíolacthach, agus chlann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad naocha a dó.

59. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adán, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:

60. clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad caoga a dó.

61. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.

62. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláir a gcraobh sinseartha ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.

63. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.

64. Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca,

65. seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobhsan ar fad; bhí dhá chéad cantairí idir fhir agus mhná ina dteannta freisin.

66. Bhí seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig mhiúil;

67. bhí ceithre chéad tríocha cúig camaill acu, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.

68. Nuair a shroich siad Teampall an Tiarna in Iarúsailéim, rinne cinn finí áirithe ofrálacha deonacha do Theampall an Tiarna, lena atógáil ar a sheanláthair.

69. Rinne siad ofráil de réir a n‑acmhainne, seasca a haon míle drachma óir, cúig mhíle míoná airgid agus céad éide sagairt, ar mhaithe leis an gciste naofa.

70. Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim; agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh, agus na hIosraelaigh eile, ina mbailte féin.