10. Ansin d'éirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: “Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael.
11. Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.”
12. D'fhreagair an comhthionól go léir d'aonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú!
13. Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo.
14. Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.”
15. Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.