Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eazrá 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fad a bhí Eazrá ag guí agus ag admháil peacaí le deora agus é faon ar lár os comhair Theampall an Tiarna, chruinnigh slua mór Iosraelach ina thimpeall idir fhir agus mhná agus leanaí, agus iad ag gol go goirt.

2. Ansin labhair Seacainiá mac Ichíéil de chlann Éalám amach agus dúirt le hEazrá: “Rinneamar feall ar ár nDia agus phósamar mná deoranta de phór dúchasach na tíre; ach dá ainneoin sin, tá dóchas éigin ann d'Iosrael fós.

3. Déanaimis conradh lenár nDia, ár mná seo go léir agus an chlann a rugadh dóibh a chur i leataobh de réir do chomhairle-sé agus a gcomhairle siúd a chreathnaíonn roimh aithne ár nDé. Déanaimis de réir an dlí.

4. Éirigh! Is é do chúramsa é, ach beimidne le d'ais. Bíodh misneach agat! Ar aghaidh leat!”

5. Ansin d'éirigh Eazrá agus chuir d'iallach ar na príomhshagairt agus ar na Léivítigh agus ar na hIosraelaigh go léir mionn a thabhairt go ndéanfaidís mar a dúradh; thug siad an mionn.

6. Ansin d'imigh Eazrá leis óna ionad os comhair Theampall an Tiarna agus chuaigh isteach i seomra Iahóchánán mac Eiliáisíb mar ar [fhan sé an oíche sin] gan arán ná uisce a chaitheamh, mar bhí sé ag caoineadh feall na ndeoraithe.

7. Eisíodh fógra in Iúdá agus in Iarúsailéim do na deoraithe go léir a d'fhill, á rá leo cruinniú le chéile in Iarúsailéim,

8. agus aon duine nach dtiocfadh laistigh de thrí lá - ba é sin rabhadh na gceannairí agus na seanóirí - go ndéanfaí a mhaoin go léir a ghabháil agus é féin a dhíbirt ó chomhthionól na ndeoraithe.

9. Dá bharrsan tháinig muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir le chéile in Iarúsailéim laistigh de thrí lá; ba é an naoú mí é, agus an fichiú lá den mhí. Chruinnigh an pobal go léir sa chearnóg os comhair Theampall an Tiarna. Bhí siad ar ballchrith de bharr na hócáide agus de bharr tulca báistí.

10. Ansin d'éirigh Eazrá an sagart ina sheasamh agus dúirt: “Rinne sibh feall mar gur phós sibh mná deoranta, agus chuir sibh le ciontacht Iosrael.

11. Ach anois beirigí buíochas leis an Tiarna, Dia bhur sinsear, agus déanaigí a réir; scaraigí le pór na tíre agus le bhur mná deoranta.”

12. D'fhreagair an comhthionól go léir d'aonghuth in ard a gcinn: “Mar sin atá; is é ár ndualgas déanamh mar a deir tú!

13. Ach tá mórán daoine anseo agus is é séasúr na báistí é agus ní féidir dúinn fanacht amuigh faoin spéir. Ní gnó lae nó dhó é seo, mar pheacaigh a lán againn ar an tslí seo.

14. Déanadh ár gceannairí ionadaíocht don chomhthionól go léir; tagadh an mhuintir inár gcathracha a thóg mná deoranta chucu ar am ceaptha agus seanóirí agus breithiúna ó gach cathair ina gcoimhdeacht, nó go gcuirfear dínn fraoch feirge ár nDé i dtaobh an ghnó seo.”

15. Níor chuir aon duine ina choinne sin ach Iónátán mac Asáhael agus Iachzaiá mac Thicveá, le tacaíocht ó Mhisiulám agus ó Sheabataí an Léivíteach.

16. Rinne na deoraithe de réir an mholta sin. [Thogh] Eazrá an sagart mar chúntóirí, cinn na bhfiní de gach teaghlach, agus gach duine díobh luaite ó ainm. Shuigh siad le breith a thabhairt ar na cásanna faoi leith ar an gcéad lá den deichiú mí,

17. agus faoin gcéad lá den chéad mhí bhí cás na bhfear go léir a thóg mná deoranta pléite acu.

18. Seo iad ainmneacha na bhfear de shliocht na sagart a fuarthas a phos mná deoranta: Ar chlann mhac Iéisiúa mac Iózádác agus i measc a ghaolta: Másaeiá, Eilíeizir, Iáiríb agus Gadailiá.

19. Thug siad a mbriathar gill go gcuirfidís a mná ar shiúl agus d'ofráil siad reithe mar íobairt pheaca mar leorghníomh ina gciontacht.

20. Ar chlann mhac Iméir: Hanáiní agus Zabaidiá;

21. ar chlann mhac Háirim: Másaéiá, Éilíá, Seamaiá, Ichíéil agus Uizíá;

22. ar chlann mhac Phaischiúr: Eilióaenaí, Másaéiá, Ísmeáéil, Natanael, Iózábád agus Ealásá;

23. ar na Léivítigh: Iózábád, Simeí, Caeláiá - Cilíeá is é sin - Pataichiá, Iúdá agus Eilíeizir;

24. ar na cantairí: Eiliáisíb [agus Zacúr]; ar ghardaí na ngeataí: Sealúm agus Teilim agus Úirí.

25. Ar na hIosraelaigh: ar clann mhac Pharois: Raimiá, Ízíá, Mailcíveá, Míováimin, Eileázár, Mailcíveá agus Banáiá;

26. ar chlann mhac Éalám: Matainiá, Zacairiá, Ichíéil, Aibdí, Iréamót agus Éilíá;

27. ar chlann mhac Zatú: Eilióaenaí, Eiliáisíb, Matainiá, Iréamót, Zábád agus Aizízeá;

28. ar chlann Bhaebaí: Iahóchánán, Hanainiá, Zabaí agus Atlái;

29. [ar chlann Bhigví]: Misiulám, Malúc, Iadáiá, Iáisiúb, Seál agus Iréamót;

30. ar chlann Phachat Móáb: Adná, Calál, Banáiá, Másaeiá, Matainiá, Bazalael, Bionúi agus Manaise;

31. ar chlann mhac Háraim: Éilíeizir, Isíveá, Mailcíveá, Seamaiá, Simeon,

32. Biniáimin, Malúc agus Samairiá;

33. ar chlann mhac Háisiúm: Matanaí, Matatá, Zábád, Eilífilit, Iréama, Manaise agus Simeí;

34. ar chlann mhac Bháiní: Madaí, Amrám, Úéil,

35. Banáiá, Béidiá, Calúihí,

36. Vainiá, Maraemót, Eiliáisíb,

37. Matainiá, Matanaí agus Iásaú;

38. ar chlann mhac Bhionúi: Simeí,

39. Seilimiá, Nátán agus Adáiá;

40. [ar chlann mhac Zacaí]: Seáisaí, Seárái,

41. Azarael, Seilimiá, Samairiá,

42. Sealúm agus Amairiá, agus Iósaef;

43. ar chlann mhac Neabó: Ieíéil, Maititiá, Zábád, Zibíneá, Iadaí, Ióéil, Banáiá.

44. Bhí siadsan go léir pósta le mná deoranta; chuir siad ar shiúl iad, [idir mhná agus chlann].