Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 8:22-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún.

23. Déanfaidh mé deighilt idir mo phobalsa agus do phobalsa; amárach a tharlóidh an comhartha seo.’ ”

24. Rinne an Tiarna amhlaidh: tháinig saithí móra míoltóg isteach i dteach Fhorainn agus i dtithe a shearbhóntaí agus, i gcríocha na hÉigipte go léir, scriosadh an talamh leis na míoltóga.

25. Ansin ghlaoigh Forann ar Mhaois agus ar Árón agus dúirt: “Imígí agus déanaigí íobairt do bhur nDia, ach laistigh de na críocha seo!”

26. Ach dúirt Maois: “Níor chóir sin a dhéanamh, mar is ainmhithe is diamhasladh leis na hÉigiptigh a mharú a dhéanfaimidne a íobairt don Tiarna ár nDia. Má íobraímid os comhair súile na hÉigipteach ofrálacha is gráin leo, nach ngabhfaidh siad de chlocha orainn?

27. Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d'ordaigh sé dúinn.”

28. “Ligfidh mé daoibh,” arsa Forann, “dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna bhur nDia san fhásach, ach gan sibh a dhul i bhfad ó bhaile. Guígí ar mo shon!”

29. Ansin dúirt Maois: “Seo mé ar mo shlí amach uait, agus guífidh mé chun an Tiarna go n‑imeoidh na saithí míoltóg ó Fhorann agus óna shearbhóntaí agus óna phobal amárach; ach ná himríodh Forann cealg arís agus gan ligean don phobal dul agus íobairt a dhéanamh don Tiarna.”

30. D'imigh Maois amach ó láthair Fhorainn agus ghuigh chun an Tiarna.

31. Rinne an Tiarna mar a d'iarr Maois agus thóg sé na saithí míoltóg d'Fhorann, agus dá shearbhóntaí agus dá phobal; níor fhan ceann.

32. Ach chruaigh Forann a chroí an uair seo chomh maith agus níor lig sé don phobal imeacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 8