Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 5:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. An lá ceannann céanna sin thug Forann ordú do shaoistí saothair an phobail agus do na maoir:

7. “Ná tugaigí tuí don phobal feasta chun na brící a dhéanamh, rud a dhéanadh sibh - téidís agus cruinnídís tuí dóibh féin.

8. Ach an líon brící a dhéanaidís go dtí seo, bíodh sin de thasc agaibh orthu, gan aon laghdú ar bith air. Díomhaointeas atá orthu; uime sin a ghlaonn siad: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt chun ár nDé.’

9. Cuirtear breis oibre ar na fir seo i dtreo go gcaithfidh siad luí léi agus gan a bheith ag cur spéise i mbriathra baotha.”

10. Chuaigh saoistí saothair an phobail agus na maoir amach agus dúradar leis an bpobal: “Seo mar a deir Forann: ‘Ní thabharfaidh mé tuí daoibh.

11. Imígí féin agus cruinnígí tuí daoibh féin cibé áit ina mbeidh fáil agaibh uirthi. Ach ní lúide aon phioc bhur dtasc an méid sin.’ ”

12. Amach leis an bpobal ar fud chríocha na hÉigipte ag bailiú coinlíní le haghaidh tuí.

13. Luigh na saoistí orthu á rá: “Comhlíonaigí bhur saothar, bhur dtasc lae, faoi mar nuair a bhí soláthar tuí ann daoibh.”

14. Agus na maoir a cheap na saoistí saothair os cionn chlann Iosrael, sciúrsáladh iad agus fiafraíodh díobh: “Cén fáth nach bhfuil líon bhur dtasc de bhrící déanta agaibh inné ná inniu mar a bhíodh cheana?”

15. Maoir chlann Iosrael, chuadar go Forann agus rinneadar gearán: “Cad chuige a gcaitheann tú mar sin le do shearbhóntaí?” ar siad.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 5