Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 39:3-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Bhuaileadar an t‑ór ina lanna caola agus gearradh ina snáthanna é le hinleadh san ábhar gorm agus corcra agus craorag agus sa linéadach mín cas i ndearadh slachtmhar.

4. Rinneadar guailleáin don éafód, ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.

5. An crios fite a bhí air á choimeád bhí sé den ábhar céanna agus den déantús céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

6. Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael.

7. Chuir sé iad ar ghuailleáin an éafód le bheith ina gclocha cuimhne ar chlann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

8. Rinne sé an lúireach d'obair shlachtmhar; rinne sé í ar dhéantús an éafód, d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus de línéadach mín cas.

9. Bhí sí cearnógach, fillte uirthi féin, réise ar fad agus réise ar leithead.

10. Leagadar ceithre shraith cloch inti: sard, tópas, agus carmhogal sa chéad sraith;

11. smaragaid, saifír, agus diamant sa dara sraith;

12. iasaint, agáit, agus aimitis sa tríú sraith;

13. beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.

14. Bhí ainmneacha chlann Iosrael orthu, agus a dó dhéag a líon de réir líon na n‑ainmneacha. Bhíodar greanta mar a bheadh séalaí, a ainm féin greanta ar gach ceann, ag freagairt don dá threibh déag.

15. Rinneadar dhá shlabhra d'ór fíre, fite mar chorda, don lúireach.

16. Agus rinneadar dhá chnota d'fhiolagrán óir agus dhá fháinne óir agus chuireadar an dá fháinne ar dhá imeall na lúirí,

17. agus chuireadar an dá shlabhra óir sa dá fháinne ag imill na lúirí.

18. Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fiolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.

19. Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.

20. Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d'íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.

21. Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí d'ábhar gorm.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 39