Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 39:18-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Cheanglaíodar dhá cheann eile na slabhraí don dá chnota fiolagráin i slí is gur ghreamaíodar iad de ghuailleáin an éafód chun tosaigh.

19. Rinneadar dhá fháinne óir agus ghreamaíodar iad do dhá chúinne íochtaracha na lúirí, ar an bhfáithim laistigh le hais an éafód.

20. Agus rinneadar dhá fháinne óir eile agus ghreamaíodar iad d'íochtar dhá ghuailleán an éafód in aice leis an gceangal, lastuas de chrios fite an éafód.

21. Cheanglaíodar an lúireach don éafód le lása gorm trína bhfáinní araon, i dtreo gur luigh sí ar chrios fite an éafód agus nár scar an lúireach ón éafód, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

22. Ansin rinneadar fallaing an éafód go léir a fhí d'ábhar gorm.

23. Bhí an oscailt ina lár dála muiníl chathéide; timpeall na hoscailte bhí fáithim d'fhonn nach sracfaí an fhallaing.

24. Ar a fáithim íochtair bhí maisiú de phomagránaití, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas.

25. Rinneadar chomh maith cloigíní d'ór fíre agus chuireadar timpeall fáithime íochtaraí na fallainge iad idir na pomagránaití;

26. bhí cloigíní agus pomagránaití, gach re ceann, timpeall fáithim íochtarach fhallaing na seirbhíse mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

27. Ansin rinneadar na hionair chomh maith, fite as línéadach mín, d'Árón agus dá mhic;

28. agus an cheannbheart de línéadach mín agus na boinéid de líneadach mín, agus na brístí línéadaigh de línéadach mín cas,

29. agus an crios de línéadach mín cas agus de ábhar gorm agus corcra agus craorag, maisithe le hobair shnáthaide, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

30. Rinneadar mar an gcéanna an lann don choróin naofa, d'ór fíre agus “Naofa don Tiarna” greanta uirthi, faoi mar a dhéanfadh duine ar shéala.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 39