Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 36:2-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;

3. agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,

4. na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,

5. agus dúradar le Maois: “Tá breis thar mar is gá don obair a d'ordaigh an Tiarna dúinn a chur i gcrích á thabhairt ag na daoine.”

6. Thug Maois treoir dá bhrí sin agus tugadh an t‑ordú seo leanas ar fud an champa: “Ná déanadh aon duine, fear ná bean, aon ní eile ar mhaithe leis an mbailiúchán don sanctóir.” Toirmeascadh ar an bpobal dá bhrí sin aon ní eile a thabhairt;

7. ba leor agus ba lánleor a raibh acu d'ábhar chun an saothar go léir a chur i gcrích.

8. Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.

9. Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.

10. Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.

11. Chuir sé lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.

12. Chuir sé leathchéad lúb ar an gcéad bhrat agus leathchéad lúb, ag teacht leo ceann ar cheann, ar imeall an bhrait deiridh sa dara sraith.

13. Rinne sé leathchéad nasc óir agus cheangail na brait le chéile leis na naisc i dtreo go mba aonad dlúth é an taibearnacal.

14. Ansin rinne sé brait d'fhionnadh gabhair chun both a chur os cionn an taibearnacail; rinne sé aon bhrat déag.

15. Bhí gach brat tríocha banlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead; bhí gach brat den aon mhiosúr.

16. Cheangail sé cúig bhrat le chéile leo féin, agus na sé cinn eile leo féin.

17. Chuir sé leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an gcéad sraith díobh, agus leathchéad lúb ar imeall an bhrait ba shia amach ar an tsraith eile.

18. Rinne sé leathchéad nasc cré-umha chun an bhoth a dhlúthú le chéile ina haon.

19. Rinne sé díon don bhoth as craicne coirtithe reithe agus seithí gabhar.

20. Ansin rinne sé frámaí d'adhmad sitím don taibearnacal agus iad ina seasamh díreach.

21. Bhí gach fráma deich mbanlámh ar fad agus banlámh go leith ar leithead.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 36