Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 36:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. “Balzalael agus Ohoilíáb agus gach ceardaí oilte ar ar bhronn an Tiarna an éirim agus an cumas gach a éilíodh chun an sanctóir a thógáil, déanaidís a gcuid oibre go beacht mar a d'ordaigh an Tiarna.”

2. Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;

3. agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,

4. na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,

5. agus dúradar le Maois: “Tá breis thar mar is gá don obair a d'ordaigh an Tiarna dúinn a chur i gcrích á thabhairt ag na daoine.”

6. Thug Maois treoir dá bhrí sin agus tugadh an t‑ordú seo leanas ar fud an champa: “Ná déanadh aon duine, fear ná bean, aon ní eile ar mhaithe leis an mbailiúchán don sanctóir.” Toirmeascadh ar an bpobal dá bhrí sin aon ní eile a thabhairt;

7. ba leor agus ba lánleor a raibh acu d'ábhar chun an saothar go léir a chur i gcrích.

8. Shaothraigh na fir éirimiúla go léir i measc na n‑oibrithe ar an taibearnacal. Rinne sé é de dheich mbrat de línéadach cas mín, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, le ceiribíní fuaite le barr slachta orthu.

9. Bhí ocht mbanlámh fichead d'fhad i ngach brat, agus ceithre bhanlámh de leithead i ngach brat; bhí na brait uile den aon mhiosúr.

10. Cheangail sé cúig bhrat dá chéile agus mar an gcéanna leis na cúig cinn eile.

11. Chuir sé lúba d'ábhar gorm ar imeall an bhrait deiridh de shraith díobh, agus mar an gcéanna leis an imeall ar an mbrat deiridh den tsraith eile.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 36