Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 32:23-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Dúradar liom: ‘Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.’

24. Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”

25. Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -

26. sheas sé ag geata an champa agus dúirt: “Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!” agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige.

27. Agus dúirt sé leo: “Seo mar a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Gabhadh gach fear díbh a chlaíomh lena ais, agus téadh sé sall agus anall ó gheata go geata ar fud an champa; agus maraíodh fear a dheartháir, fear eile a chomrádaí, fear eile a chomharsa.’ ”

28. Rinne clann Léiví de réir mar a dúirt Maois leo, agus thit timpeall trí mhíle fear den phobal an lá úd.

29. Agus dúirt Maois: “Inniu rinneabhair sibh féin a oirniú do sheirbhís an Tiarna, fear ag díol as lena mhac, fear eile lena dheartháir; dáileann sé beannacht oraibh inniu dá bhrí sin.”

30. Lá ar na mhárach dúirt Maois leis an bpobal: “Rinne sibh peaca trom; ach rachaidh mise suas anois chun an Tiarna: b'fhéidir go n‑éireodh liom leorghníomh a dhéanamh in bhur bpeaca.”

31. Agus d'fhill Maois ar an Tiarna. “Mo bhrón,” ar sé, “rinne an pobal seo peaca trom trí dhia óir a dhéanamh.

32. Ach anois dá mba áil leat an peaca seo dá gcuid a mhaitheamh...! Ach mura ndéanann tú, ansin, impím ort, scrios mise as an leabhar atá scríofa agat.”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 32