18. D'fhreagair Maois é agus dúirt:“Ní gáir chaithréime an gháir seo,Ná olagón cloíte an gháir seo;Glór cantaireachta is ea a chluinim.”
19. Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.
20. Rug sé greim ar an lao a bhí déanta acu agus loisc é, agus mheil é ina phúdar agus leath ar an uisce é agus chuir d'iallach ar chlann Iosrael é a ól.
21. Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”
22. D'fhreagair Árón: “Ná bíodh d'fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.
23. Dúradar liom: ‘Déan dia dúinn le gabháil romhainn amach; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.’
24. Dúirt mé leo dá bhrí sin: ‘An té a bhfuil ór aige, baineadh sé anuas de féin é,’ agus thugadar chugam é. Chaith mé san fhoirnéis é agus tháinig an lao seo amach.”
25. Nuair a chonaic Maois go raibh an pobal imithe chomh mór sin ó smacht - óir lig Árón dóibh titim in íoladhradh agus a naimhde ina dtimpeall -
26. sheas sé ag geata an champa agus dúirt: “Cé tá ar thaobh an Tiarna? Tagadh sé chugamsa!” agus chruinnigh clann Léiví go léir chuige.