Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 19:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.

2. Chuireadar chun siúil arís ó Reifídím agus nuair a shroicheadar fásach Shíonái, shuíodar a gcampa ansiúd san fhásach os comhair an tsléibhe.

3. Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:

4. ‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.

5. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.

6. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe.’ Sin iad na briathra a labhróidh tú le clann Iosrael.”

7. D'imigh Maois leis ansin agus ghair chuige seanóirí an phobail agus chuir faoina mbráid na briathra sin go léir a d'ordaigh an Tiarna dó.

8. Agus d'fhreagair an pobal go léir d'aonghuth: “A bhfuil ráite ag an Tiarna, comhlíonfaimid.” Agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 19