Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eaxodus 1:4-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Dán agus Naftáilí, Gád agus Áiséar.

5. Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.

6. Ansin cailleadh Iósaef agus a dheartháireacha go léir, agus an ghlúin sin uile.

7. Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.

8. Tháinig rí nua i réim san Éigipt, gan aon aithne aige ar Iósaef.

9. Agus dúirt seisean lena mhuintir: “Muintir seo Iosrael, féachaigí conas mar a sháraíonn siad sinn i líonmhaire agus i neart.

10. Téanaigí agus bímis glic leo d'fhonn nach méadódh ar a líon, agus, má thagann cogadh orainn, nach dtaobhóidís lenár naimhde agus troid inár n‑aghaidh agus éalú as an tír.”

11. Uime sin chuireadar saoistí saothair os a gcionn chun iad a chloí le hualaí troma; agus thógadar na cathracha Pition agus Ramasaes d'Fhorann.

12. Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.

13. Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,

14. agus d'fhágadar an saol go searbh acu le saothar dian i mbun moirtéil agus brící agus gach sórt saothair sna goirt; bhrúdar gach sort saothair orthu.

15. Ansin labhair rí na hÉigipte le mná cabhartha na nEabhrach - bhí Sifreá mar ainm ar bhean acu, agus Púá ar an mbean eile.

16. “Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”

17. Ach bhí eagla Dé ar na mná cabhartha agus ní dhearnadar mar a d'ordaigh rí na hÉigipte dóibh ach ligeadar do na leanaí mic maireachtáil.

18. Ghlaoigh rí na hÉigipte chuige ar na mná cabhartha dá bhrí sin agus d'fhiafraigh díobh: “Cad chuige daoibh é seo a dhéanamh agus na mic a choimeád beo?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eaxodus 1