Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 8:9-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ar an ábhar sin, shocraigh méar í a thabhairt chun aontís liom,mar bhí a fhios agam go dtabharfadh sí domcomhairle le linn an tséin agus sólás in aimsir na himníagus an bhróin.

10. Tríthi dar liom, gheobhainn moladh ó na sluaite,agus dá óige féin mé, thabharfaí gradam domi gcomhluadar seanóirí.

11. Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne,agus bheadh meas ag na huaisle orm.

12. Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-seango dtosóinn ag caint;agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn;agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad,leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.

13. Tríthi leis gheobhainn bua na neamhbhásmhaireachtaagus bheadh cuimhne orm go deo acu siúda thiocfadh i mo dhiaidh.

14. Bheinn i mo rí ar a lán náisiún,agus chuirfinn mórán ciníocha faoi mo smacht.

15. Thiocfadh critheagla ar thíoránaigh fhíochmhara,nuair a chloisfidís iomrá orm.Chruthóinn go maith mar rí i leith mo mhuintire féinagus bheinn cróga sa chogadh.

16. Nuair a d'fhillfinn abhaile, ligfinn mo scíth ina teannta;mar ní rachadh mo chaidreamh léi chun searbhais choíche.Óir, ní buaireamh ach áthas agus lúcháira chuireann aontíos léi ar dhuine.

17. Tar éis dom na nithe sin a mheá i m'aigne,agus a mheabhrú dom féin i mo chroí istigh,go bhfaightear neamhbhásmhaireacht ó bheithgaolmhar leis an eagna,

18. agus fíoraoibhneas ó chairdeas a shnaidhmeadh léiagus saibhreas do-ídithe ó shaothar a lámh,agus gaois óna comhluadar a thaithíagus dea-chlú ó chomhrá a dhéanamh léi,chuaigh mé timpeall chun a fháil amachcén chaoi a ngabhfainn chugam féin í.

19. Ba thréitheach an leanbh mé féin ó dhúchasagus thit sé de chrann orm go bhfuair mé anam uasal,

20. nó, ba chirte dom a rá, toisc mé a bheith uasal,chuaigh mé isteach i gcorp gan smál.

21. Ach ó thuig mé nach raibh aon slí eile ann domchun seilbh a fháil uirthi ach go dtabharfadh Dia dom í- agus ba chomhartha tuisceana é a aithintcé uaidh a dtiocfadh an tabhartas seo -d'iompaigh mé chun an Tiarna á agairtagus dúirt mé leis ó mo chroí amach:

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 8