5. Más earra inmhianaithe é an saibhreas sa saol seo,cad is saibhre ná an eagna? Nach í a dhéanann an uile ní?
6. Más gníomhú gaoise atá i gceist,cé is mó is ceardaí a bhfuil ann seachas í?
7. Agus má ghránn aon duine an fhíréantacht,is suáilcí iad torthaí a saothair.Óir múineann sí an mheasarthacht agus an chríonnacht,an ceartas agus an chrógacht;agus níl rud ar bith sa saol seoatá níos tairbhí do dhaoine ná iad sin.
8. Más mian le haon duine eolas fairsing a fháil,bíonn iarbhios ar ar tháinigagus réamhfhios ar a dtiocfaidh aici;agus tuigeann sí conas nathanna a chumadhagus tomhaiseanna a réiteach;comharthaí agus éachtaí,torthaí na dtráthanna agus na n‑aoiseanna,is eol dise iad go léir.
9. Ar an ábhar sin, shocraigh méar í a thabhairt chun aontís liom,mar bhí a fhios agam go dtabharfadh sí domcomhairle le linn an tséin agus sólás in aimsir na himníagus an bhróin.
10. Tríthi dar liom, gheobhainn moladh ó na sluaite,agus dá óige féin mé, thabharfaí gradam domi gcomhluadar seanóirí.
11. Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne,agus bheadh meas ag na huaisle orm.
12. Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-seango dtosóinn ag caint;agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn;agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad,leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.
13. Tríthi leis gheobhainn bua na neamhbhásmhaireachtaagus bheadh cuimhne orm go deo acu siúda thiocfadh i mo dhiaidh.
14. Bheinn i mo rí ar a lán náisiún,agus chuirfinn mórán ciníocha faoi mo smacht.
15. Thiocfadh critheagla ar thíoránaigh fhíochmhara,nuair a chloisfidís iomrá orm.Chruthóinn go maith mar rí i leith mo mhuintire féinagus bheinn cróga sa chogadh.
16. Nuair a d'fhillfinn abhaile, ligfinn mo scíth ina teannta;mar ní rachadh mo chaidreamh léi chun searbhais choíche.Óir, ní buaireamh ach áthas agus lúcháira chuireann aontíos léi ar dhuine.
17. Tar éis dom na nithe sin a mheá i m'aigne,agus a mheabhrú dom féin i mo chroí istigh,go bhfaightear neamhbhásmhaireacht ó bheithgaolmhar leis an eagna,