Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 8:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Leathann an eagna go láidir ó imeall go himeall na cruinneagus riarann sí gach uile ní go maith.

2. Dise a thug mé gean;is í a bhí á lorg agam ó m'oige anall;ba mhian liom í a bheith agam mar nuachar,óir chuir a háilleacht draíocht orm.

3. Is maise ar a huaisleacht chine í a bheith ar aontíos le Dia;tá grá ag Tiarna na nUile di;

4. Óir ligeadh léi rúneolas Déagus is í a roghnaíonn na hoibreacha atá le déanamh aige.

5. Más earra inmhianaithe é an saibhreas sa saol seo,cad is saibhre ná an eagna? Nach í a dhéanann an uile ní?

6. Más gníomhú gaoise atá i gceist,cé is mó is ceardaí a bhfuil ann seachas í?

7. Agus má ghránn aon duine an fhíréantacht,is suáilcí iad torthaí a saothair.Óir múineann sí an mheasarthacht agus an chríonnacht,an ceartas agus an chrógacht;agus níl rud ar bith sa saol seoatá níos tairbhí do dhaoine ná iad sin.

8. Más mian le haon duine eolas fairsing a fháil,bíonn iarbhios ar ar tháinigagus réamhfhios ar a dtiocfaidh aici;agus tuigeann sí conas nathanna a chumadhagus tomhaiseanna a réiteach;comharthaí agus éachtaí,torthaí na dtráthanna agus na n‑aoiseanna,is eol dise iad go léir.

9. Ar an ábhar sin, shocraigh méar í a thabhairt chun aontís liom,mar bhí a fhios agam go dtabharfadh sí domcomhairle le linn an tséin agus sólás in aimsir na himníagus an bhróin.

10. Tríthi dar liom, gheobhainn moladh ó na sluaite,agus dá óige féin mé, thabharfaí gradam domi gcomhluadar seanóirí.

11. Nuair a thabharfainn breith, d'aithneofaí géire m'intinne,agus bheadh meas ag na huaisle orm.

12. Dá bhfanfainn i mo thost, d'fhanfaidís-seango dtosóinn ag caint;agus thabharfaidís aird orm, nuair a labhróinn;agus dá leanfainn liom ag labhairt ar feadh i bhfad,leagfaidís lámh ar a mbéal le barr iontais.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 8