7. Ní chúbfaidh Tiarna na nUile roimh dhuine ar bith,ná níl beann aige ar an mustar,mar is é a chruthaigh mion agus móragus tugann sé an aire chéanna dóibh araon.
8. Is ea! Déanfar scrúdú dian ar lucht na cumhachta.
9. Chugaibhse, mar sin, a fhlatha, mo bhriathrale súil go bhfoghlaimeoidh sibh an eagnaagus nach ndéanfaidh sibh peacaí.
10. Óir naomhófar na daoinea chaomhnaíonn nithe naofa go cráifeach;agus na daoine ar múineadh dóibh iad,gheobhaidh siad cóir chosanta iontu.
11. Bíodh dúil agaibh, mar sin, i mo bhriathra;bígí ag tnúthán leo agus gheobhaidh sibh múineadh iontu.
12. Is niamhrach domhúchta í an eagna;na daoine a bhfuil grá acu di,tugann siad faoi deara í gan dua;agus na daoine a bhíonn á lorg,faigheann siad í go furasta.
13. Ligeann sí a haithne roimh réleis na daoine a bhfuil dúil acu inti.
14. An té a éiríonn go moch ar a tóirní bheidh a shaothar in aisce aige,mar gheobhaidh sé í ina suí ag a gheataí.
15. Is é barr na tuisceana é machnamh uirthi;agus an té a dhéanann faire ar a sonis gairid go mbeidh sé saor ó imní.
16. Óir téann sí féin timpeallag lorg a díol de dhaoine;agus le neart dea-mhéinetaispeánann sí í féin dóibh ar na bóithre,agus gluaiseann sí faoina ndéingach uair a smaoiníonn siad uirthi.
17. Óir is é fíorthosach an fheasa fonn foghlama.Ach músclaíonn cíocras chun foghlama grá di,
18. agus bunaíonn an grá comhlíonadh a haitheanta,agus is ionann coinneáil a haitheantaagus urraíocht ar an mbeatha shíoraí.
19. Agus céard í an bheatha shíoraíach bheith i láthair Dé?
20. Mar sin de is dúil san eagnaa threoraíonn an duine chun flaithis.
21. Dá bhrí sin, a rialtóirí ciníocha,má bhaineann sibh aoibhneas as ríchathaoireachaagus as ríshlata,tugaigí ómós don eagna chun go mbeidh sibh ag rialú go deo.
22. Míneoidh mé daoibh cén ní í an eagnaagus conas a tháinig sí ann.Ní cheilfidh mé aon rúndiamhra oraibh;Is amhlaidh a dhéanfaidh mé a lorg óna fíorthosach amachagus cuirfidh mé eolas soiléir ar fáil ina taobh.Ní ghluaisfidh mé thar an bhfírinne,
23. agus ní mó ná sin a thaistealóidh méi gcuideachta an éada mhífholláin,mar ní dhéanann an t‑éad aon chaidreamh leis an eagna.
24. Is slua saoithe a shlánaíonn an domhanagus ceannaire ciallmhar a dhaingníonn pobal.
25. Mar sin de, gabhaigí teagasc ó mo bhriathraagus déanfaidh sé tairbhe daoibh.