Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 4:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is fearr aimride gheanmnaí ná é sin;óir an aimride a gcoimeádtar cuimhne uirthitá neamhbhásmhaireacht ag gabháil léi,mar bíonn ardmheas ag Dia agus ag daoine uirthi.

2. Nuair a bhíonn sí ann déantar aithris uirthi;ach bíonn cumha ar dhaoine ina diaidh nuair a imíonn sí léi;gluaiseann sí ar aghaidh go caithréimeachar feadh na síoraíochta faoi choróin bláthanna,mar tá sí tar éis an bua a bhreith léii gcomórtas le haghaidh duaiseanna gan cháim.

3. Ach ní bheidh rath ná bailar shliocht líonmhar na n‑éagráifeach.Ó fhásann said ó mheatháin bhréige,ní chuirfidh siad fréamhacha doimhne,ná ní bheidh greim daingean acu san ithir ach oiread.

4. Óir fiú amháin má chuireann siad craobhacha amach ar feadh tamaill,bainfidh an ghaoth croitheadh astu,toisc iad a bheith éadaingeanagus stoithfidh sí óna bhfréamhacha iad lena neart.

5. Brisfear craobhacha craptha díobh;beidh a dtorthaí gan mhaith;beidh siad róghlas le hitheagus gan fiúntas ar bith iontu.

6. Óir an chlann a ghintearde dheasca comhriachtana neamhdhleathaí,bíonn siad ina bhfinnéithe ar urchóid a dtuismitheoirínuair a dhéantar mionscrúdú orthu.

7. Fiú amháin má fhaigheann an fíréan bás anabaí,beidh sé faoi shuaimhneas.

8. Óir ní fad saoil a thugann onóir don seanduinená ní de réir líon a bhlianta a mheastar é.

9. Ach is í an eagna fíorléithe an duineagus beatha gan smál a fhíor-sheanaois.

10. Ba ríthaitneamhach le Dia é agus thug Dia grá dó;agus ó bhí cónaí air i measc peacach, aistríodh é.

11. Fuadaíodh é ar eagla go n‑athródh an t‑olc a thuiscintnó go meallfadh an chealgaireacht a chroí.

12. Óir milltear an mhaith le draíocht na baoiseagus truaillíonn seachránacht na hainmhéine an aigne shaonta.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 4