Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 16:2-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. In áit na pianpháise seo, áfach,is amhlaidh a chuir tusa comaoin ar do phobal féin;d'ullmhaigh tú gearra goirt mar bhia dóibh,mar shócamais a shásódh an goile géar a bhí acu,

3. ionas, nuair a bhuailfeadh fonn ite an dream eile úd,go mbainfeadh na hainmhithe urghránna a chuirfí chucu, díobhfiú amháin an goile nádúrtha a bhí acu don bhiaa bhí riachtanach dóibhagus ar an taobh eile de go mbeadhsócaimis le hithe ag do phobal féintar éis dóibh bheith ar an ngannchuid ar feadh tamaillín.

4. Óir ba ghá go bhfágfaí ganntanas doleigheastaar na tíoránaigh úd,ach níor ghá ach go dtaispeánfaí do do phobal féinconas a bhí a naimhde á gciapadh.

5. Scaoileadh cuthach fíochmhar beithíoch allta faoi do phobal freisin,agus bhí siad á ndíothú ag cealga na nathracha lúbarnacha,ach níorbh fhada gur tháinig maolú ar do chuid feirge.

6. Ba mar rabhadh dóibh a cuireadh imeagla orthuar feadh tamaillín,ach tugadh comhartha slánaithe dóibh ansinchun go gcoinneoidís cuimhne ar aitheanta do dhlíse.

7. Óir gach duine a thug a aghaidh ar an gcomhartha seo,ní tríd an rud a chonaic sé a sábháladh é,ach tríotsa, slánaitheoir na n‑uile.

8. Leis an gcomhartha seo chomh maithchuir tú ina luí ar ár naimhde,gur tusa amháin a shaorann daoine ó gach olc.

9. Óir maraíodh iad siúd le cealga lócaistí agus cuileogagus bhí sé tuillte acu go bpionósfaí iadlena leithéid sin d'fheithidí.

10. Níor cloíodh do chlann mhac féin, áfach,le fiacla nathracha nimhe,mar tháinig do thrócaire i gcabhair orthu, agus leigheasadh iad.

11. Cealgadh iad ar ndóigh,i dtreo go gcoinneoidís cuimhne ar do chuid oracal;ach is go tapa a tarrtháladh ansin iad,ar eagla go mbéarfadh díchuimhne dholeigheasta greim orthu,agus go dtarraingeofaí a n‑intinn ó do chineáltas.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 16