Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 14:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ansin nuair nárbh fhéidir le daoineonóir a thabhairt do rialtóirí ina láthairtoisc iad a bheith ina gcónaí i bhfad ar shiúl,shamhlaigh siad dóibh féin cló an rí a bhí i bhfad uathu,ach ar mhian onóir a thabhairt dó,agus rinne siad dealbh shofheicthe dechun go ndéanfaidís lútáil go díograiseach leis an téa bhí as láthair amhail is go raibh sé i láthair.

18. Ansin chun an cultas seo a neartú ghríosaighceardaithe glóirmhianachafiú amháin daoine nárbh aithnid dóibh an rí ar aon chor.

19. Óir de bhrí, b'fhéidir, gur mhian leosásamh a thabhairt don rialtóir,chuireadh siad cló níos deise fós ar an íomhále cuidiú a gcuid ceardaíochta.

20. Dá bharr sin, chuir áilleacht na healaínedraíocht ar na gnáthdhaoine,sa chaoi gur cheap siad gur cheart dóibhábhar adhartha a dhéanamh den té a raibh siadtar éis onóir a thabhairt dó tamall gearr roimhe sin mar dhuine.

21. Bhí sé seo ina bhobghaiste do dhaoine;óir nuair a bhí siad faoi bhráca an bhróin,nó faoi chuing na tíorántachta, thug siad an tAinm doranntaar chlocha agus ar cheapa adhmaid.

22. Ansin níor leor leo dul amú maidir lena gcuid eolais ar Dhia;ach cé go maireann siad i lár chogadh mór aineolaistugann siad síocháin ar a leithéid sin d'olloilc.

23. Óir, cibé acu a chleachtann siaddeasghnátha tionscanta naíonmharaithe,nó a bhíonn siad páirteach i searmanais rúnda,nó a dhéanann siad pléaráca drabhlásach buile,

24. ní choimeádann siad a mbeatha ná a bpóstaí slángan cháim níos mó.Ach déanann fear luíochán ar fhear eileagus maraíonn sé é;nó meallann sé a bhean chéile chun adhaltranas a dhéanamh leisagus cuireann sé brón agus buairt air dá bharr.

25. Tá gach uile shórt trína chéile;níl le feiceáil ach doirteadh fola agus feallmharú,gadaíocht agus caimiléireacht, lofacht agus mídhílseacht,clampar agus mionnú éithigh,

26. buairt á cur ar dhaoine macánta, míbhuíochas,truailliú anamacha, collaíocht mhínádurtha,ainrialtacht i gcúrsaí pósta, adhaltranas agus ainriantacht.

27. Óir adhradh íol, nár cheart fiú amháin a n‑ainmneacha a lua,tús agus cúis agus críoch an uile oilc.

28. Mar téann a lucht adhartha as a meabhairle barraíocht scléipshuilt,nó déanann siad tairngreachtaí bréagacha,nó maireann siad go hainfhíréanta,nó tugann siad mionnaí bréige go meargánta.

29. Óir de bhrí gur neamhbheo iad na híolaa gcuireann siad a muinín iontu,is dóigh leo, nuair a dhéanann siad mionnú éithigh,nach ndéanfaidh sé sin aon dochar dóibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 14