Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 13:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is baoth ó nádúr iad na daoine go léir a bhí aineolach ar Dhiaagus nach raibh sé ar a gcumas fios a fháilar an Té Atá Ann, ó na nithe maithe atá le feiceáilagus nár chuir aithne ar an gceardaítrí mhachnamh a dhéanamh ar a oibreacha,

2. ach a cheap gur dhéithe a rialaíonn an domhan iadan tine nó an ghaoth nó an t‑aer mearnó ciorcal na réaltaí nó an t‑uisce suaite nó soilse neimhe.

3. Má mheas siad gur dhéithe iad na nithe seotoisc gurbh ábhar aoibhnis dóibh a n‑áilleacht,bíodh a fhios acu a oiread is atá a máistir níos fearr ná iad,óir is é údar na háilleachta a chruthaigh iad.

4. Má chuir a gcumhacht agus a n‑éifeacht ionadh orthutuigidís uathu a oiread is atá a ndealbhóir níos láidre ná iad.

5. Mar ó mhéid agus ó áilleacht nithe cruthaithecuirtear eolas ar a ndéantóir go hanalachúil.

6. Ach mar sin féin is beag is inlochtaithe iad na daoine seo.Óir b'fhéidir nach ndéanann siad ach dul ar seachránagus iad ag lorg Dé agus dúil acu lena fháil.

7. Ag maireachtáil dóibh i measc a oibreacha leanann siad orthu á mionscrúdú.Ach is amhlaidh a chuireann a ndealramh cluain orthutoisc gurb álainn iad na nithe atá le feiceáil.

8. Ach arís, fiú amháin iad seo, níl siad inleithscéil.

9. Óir, má bhí sé ar a gcumas an oiread sin feasa a fháil,gurbh fhéidir leo tuairimíocht a dhéanamh faoin saol,cén fáth nár chuir siad aithne ar mháistir na nithe seo níos luaithe?

10. Baothdhóchas atá bunaithe ar nithe marbha, áfach,is ea dóchas an dreama a thugann déithe ar nithea rinne lámha daoine:ar ór agus ar airgead, a múnlaíodh go healaíontachun íomhánna d'ainmhithe a dhéanamh,nó ar cheap cloiche gan mhaith,a dhealbhaigh lámha snoíodóra éigin fadó.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 13