Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 12:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Mar sin féin, ó ba dhaoine iad,chaith tú leo go trócaireach,mar sheol tú cearnabháin chucu,mar réamtheachtairí roimh d'armchun iad a dhísciú diaidh ar ndiaidh.

9. Ní amhlaidh nach raibh sé ar do chumasa ligean do na fíréinna héagráifigh a threascairt i gcath riarthanó iad a dhísciú le beithígh alltanó le haon fhocal géar amháin ar an toirt.

10. Nuair nár imir tú díoltas orthuach diaidh ar ndiaidh, áfach,thug tú ré aithrí dóibh,bíodh gur mhaith ab eol duit,gur tháinig siad de dhrochphóragus go raibh an urchóid iontu ó dhúchasagus nach dtiocfadh athrú dá laghadar a meon go brách na breithe,

11. mar ba mhallaithe an cine iad ón tosach.Ní amhlaidh ach oireadgur le teann eagla roimh dhuine éiginnár agair tú a ndrochbhearta orthu.

12. Óir cé ar féidir dó a rá leatsa:“Céard atá déanta agat?”Nó cé a chuirfidh in aghaidh do bhreithiúnais-sé?Cé a chúiseoidh thú i ndíothú ciníochaar tú féin a chruthaigh iad?Nó cé a thiocfaidh os do chomhair sa chúirtchun cúis choirpeach a agairt leat?

13. Níl aon Dia eile ann seachas thú féina bhfuil cúram na cruinne airle go gcaithfeá-sa a chruthú dónár thug tú breith éagórach uait riamh.

14. Ní féidir le rí nó le tíoránach ar bithaghaidh a thabhairt ort ach oireadmar gheall orthu siúd a smachtaigh tú.

15. Ach ós cóir tú féin, is go cóir a riarann tú gach ní,mar is é do mheas nach mbeadh sé ag teacht le do chumhachtaon duine a dhaoradh nach mbeadh pionós tuillte aige.

16. Óir is í do chumhachtsa tobar na córa;is é an tiarnas atá agat ar an uile nía thugann ort iad go léir a choigilt.

17. Taispeánann tú do chumhachtnuair nach dtugtar aitheantas d'iomláine do nirtagus daorann tú sotal na ndaoine a bhfuil eolas acu air.

18. Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agatis cneasta an bhreith a thugann túagus rialaíonn tú sinn le trócaire.Óir, cibé uair is toil leat é,is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 12