Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 12:18-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Ach cé go bhfuil cumhacht iomlán agatis cneasta an bhreith a thugann túagus rialaíonn tú sinn le trócaire.Óir, cibé uair is toil leat é,is féidir duit do chumhacht a chur i bhfeidhm.

19. Mhúin tú do do phobal leis na bearta sinnach foláir don fhíréan bheith cineálta;agus chuir tú dóchas láidir i gcroíthe do chlainnede bhrí go dtugann tú maithiúnas i bpeacaí.

20. Óir má chuir tú pionós ar naimhde do sheirbhíseach féin- daoine a raibh an bás tuillte acu -lena leithéid sin de chúram agus de bhoigéis,agus cairde agus caoi á dtabhairt agat dóibhchun an urchóid a chur díobh,

21. nach go géarchúiseach chomh maitha thug tú breith ar do mhuintir féin,dream a ndearna tú lena sinsir conarthaí faoi mhionna raibh gealltanais iontu a bhí ag tuar na maitheasa?

22. Mar sin de, tugann tú ceacht dúinnenuair a smachtaíonn tú ár naimhde [le barr measarthachta],le hionchas go ndéanfaimid dianmhachnamh ar do chineáltasnuair a bheidh breith á tabhairt againn,agus go mbeimid ag súil le trócaire uaitse,nuair a bheidh breith á tabhairt orainn féin.

23. Dá bhrí sin, na drochdhaoine a bhí ag tabhairt a saoil le baois,chiap tú iad lena n‑íola gráiniúla féin,

24. mar bhí siad tar éis dul rófhada ar strae ar an mbóthar mícheart.Is amhlaidh a mealladh iad mar pháistí baothasa chaoi go raibh meas déithe acuar na hainmhithe ba tháire agus ba shuaraí a bhí ann.

25. Dá dheasca sin, chuir tú mionphionós orthu ar dtúschun fonóid a dhéanamh fúthu mar a dhéanfá faoi pháistí gan chiall.

26. Ach nuair nár cuireadh comhairle orthule mionphionóis a d'oirfeadh do pháistí,bhí pionós le fulaingt acu ab fhiú do Dhia a ghearradh orthu.

27. Óir, nuair a bhí siad ag fulaingt,tháinig olc orthu chun na nithe ar mheas siad gur dhéithe iadde bhrí gur tríothu-san a smachtaíodh iad;rud eile, chonaic siad agus d'aithin siad gurbh é an fíorDhia éan té a raibh siad tar éis diúltú dó roimhe sin.Sin é an fáth ar gearradh orthu an pionós ba dhéine dá raibh ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 12