Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 12:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Óir tá do spiorad domhillte féin i ngach uile ní.

2. Beagán ar bheagán, mar sin,ceartaíonn tú na daoine a dhéanann peacaí;cuireann tú a gcionta i gcuimhne dóibhagus tugann tú rabhadh dóibh fúthud'fhonn go scarfar iad ón olcagus go gcuirfidh siad a muinín ionatsa, a Thiarna.

3. B'fhuath leat go deimhin seanáitritheoirí do thíre naofa

4. mar gheall ar na nósanna fíorghráiniúla asarlaíochtaagus na deasghnátha mínaofa a chleachtaídís.

5. Dúnmharfoirí éadrócaireacha leanaí ba ea iad,daoine a chaitheadh fleánna íobartachaa n‑ití feoil agus fuil dhaonna lena linn,daoine a glacadh isteach [i saobhchreideamh mire],

6. tuismitheoirí a bhásaigh naíonáin gan chosaint lena lámha féin.Chinn tú ar iad a dhíothú le lámha ár sinsear,

7. ionas go bhfaigheadh an tír ab ansa leatthar gach tír eile sa domhana dhíol de choilínigh i gclann mhac Dé.

8. Mar sin féin, ó ba dhaoine iad,chaith tú leo go trócaireach,mar sheol tú cearnabháin chucu,mar réamtheachtairí roimh d'armchun iad a dhísciú diaidh ar ndiaidh.

9. Ní amhlaidh nach raibh sé ar do chumasa ligean do na fíréinna héagráifigh a threascairt i gcath riarthanó iad a dhísciú le beithígh alltanó le haon fhocal géar amháin ar an toirt.

10. Nuair nár imir tú díoltas orthuach diaidh ar ndiaidh, áfach,thug tú ré aithrí dóibh,bíodh gur mhaith ab eol duit,gur tháinig siad de dhrochphóragus go raibh an urchóid iontu ó dhúchasagus nach dtiocfadh athrú dá laghadar a meon go brách na breithe,

11. mar ba mhallaithe an cine iad ón tosach.Ní amhlaidh ach oireadgur le teann eagla roimh dhuine éiginnár agair tú a ndrochbhearta orthu.

12. Óir cé ar féidir dó a rá leatsa:“Céard atá déanta agat?”Nó cé a chuirfidh in aghaidh do bhreithiúnais-sé?Cé a chúiseoidh thú i ndíothú ciníochaar tú féin a chruthaigh iad?Nó cé a thiocfaidh os do chomhair sa chúirtchun cúis choirpeach a agairt leat?

13. Níl aon Dia eile ann seachas thú féina bhfuil cúram na cruinne airle go gcaithfeá-sa a chruthú dónár thug tú breith éagórach uait riamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 12