Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eagna 11:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. nó brúideanna nuachruthaithe fíochmhara anaithnide a shá leo,a bheadh ag séideadh puthanna tintrí anála,nó ag brúchtaíl bréandeataigh go glórach,nó ag radadh spréacha aduafara as a súile,

19. agus a d'fhéadfadh iad a dhíothúní amháin leis an drochíde a thabharfaidís orthuach leis an scéin a chuirfeadh a ndreach orthu chomh maith.

20. Go fiú gan trácht ar na harrachtaigh sin ar aon chord'fhéadfaí iad a leagan ar lárle haon phuth anála amháin,nuair a rachadh an díoltas sa tóir orthuagus a cháithfeadh d'anáil chumhachtach féin iad.Ach ní hé sin an rud a tharla,mar tá gach uile ní eagraithe agatde réir tomhais agus lín agus meáchain.

21. Óir is féidir duit cumhacht mhór a usáid i gcónaí,agus cé a fhéadann cur i gcoinne chumas do chuisle?

22. Mar i do láthair tá an domhan go léir mar dhúradán deannaigha chuireann an mheá ó chothromagus mar bhraon drúchta a thiteann ar an talamhgo moch ar maidin.

23. Tá trua agat do gach uile nímar is féidir leat gach uile ní a dhéanamh;scaoileann tú tharat peacaí an domhainle súil go ndéanfaidh siad aithrí iontu.

24. Óir tá grá agat do gach uile ní atá annagus ní ábhar déistine duit aon ní dá ndearna tú.Mar dá mba fhuath leat ní ar bithní bheifeá tar éis é a chruthú.

25. Conas a d'fhéadfadh aon ní maireachtáilmurach gur toil leatsa é?Conas a d'fhéadfaí aon ní a chaomhnúdá mba rud é nach raibh gairm faighte aige uaitse?

26. Coiglíonn tú gach uile ní mar is leatsa iad,AThiarna, a chara na mbeo.

Léigh chaibidil críochnaithe Eagna 11