17. Ní raibh sé thar acmhainn do láimhe uilechumhachtaí,a chruthaigh an domhan as bunábhar éagruthachscata mathghamhna nó leoin fhiáinea shaighdeadh ina n‑aghaidh,
18. nó brúideanna nuachruthaithe fíochmhara anaithnide a shá leo,a bheadh ag séideadh puthanna tintrí anála,nó ag brúchtaíl bréandeataigh go glórach,nó ag radadh spréacha aduafara as a súile,
19. agus a d'fhéadfadh iad a dhíothúní amháin leis an drochíde a thabharfaidís orthuach leis an scéin a chuirfeadh a ndreach orthu chomh maith.
20. Go fiú gan trácht ar na harrachtaigh sin ar aon chord'fhéadfaí iad a leagan ar lárle haon phuth anála amháin,nuair a rachadh an díoltas sa tóir orthuagus a cháithfeadh d'anáil chumhachtach féin iad.Ach ní hé sin an rud a tharla,mar tá gach uile ní eagraithe agatde réir tomhais agus lín agus meáchain.
21. Óir is féidir duit cumhacht mhór a usáid i gcónaí,agus cé a fhéadann cur i gcoinne chumas do chuisle?
22. Mar i do láthair tá an domhan go léir mar dhúradán deannaigha chuireann an mheá ó chothromagus mar bhraon drúchta a thiteann ar an talamhgo moch ar maidin.