Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 5:13-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Caithfidh tú sé lá ag obair agus ag déanamh do shaothair go léir,

14. ach an seachtú lá, is sabóid é don Tiarna do Dhia. An lá sin ná déan scaob oibre - tú féin, ná do mhac ná d'iníon, ná do dhaor ná do dhaoirseach, ná do dhamh, ná do asal, ná aon cheann de do ainmhithe, ná an deoraí faoi do dhíon, i dtreo go mbeidh sos ag do dhaor agus ag do dhaoirseach do dhála féin.

15. Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.

16. Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.

17. Ná déan marú.

18. Ná déan adhaltranas.

19. Ná déan goid.

20. Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.

21. Ná santaigh bean do chomharsan; ná bí ag tnúth lena theach ná lena ghort, lena dhaor ná lena dhaoirseach, lena dhamh ná lena asal, ná le haon ní dá chuid.’

22. “Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.

23. “Nuair a chuala sibh an glór seo ag teacht as an dorchadas, agus an sliabh go léir trí thine, tháinig sibh chugam, ceannairí bhur dtreibheanna agus bhur seanóirí,

24. agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 5