Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 33:10-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,agus do dhlí do Iosrael.Seolann siad túis i do láthair,agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.

11. A Thiarna, beannaigh a mhaoinagus glac le saothar a lámh.Basc leasracha a naimhdeagus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.

12. Dúirt sé faoi Bhiniáimin:An té is ionúin leis an Tiarna,tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go láagus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.

13. Dúirt sé faoi Iósaef:Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,le togha dhrúcht neimhe,agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos,

14. le togha thorthaí na gréine,agus fhómhar trom gach míosa,

15. le togha thoradh na gcnoc ársa,agus le flúirse ó na sléibhte ciana,

16. le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,le gean an té a lonnaigh sa Tor.Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,an té a coisriceadh i measc a bhráithre.

17. Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.Adharca daimh allta a adharcaagus leosan sánn sé na pobail go léirgo himill an domhain.Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim,is mar sin le mílte Mhanaise.

18. Dúirt sé faoi Zabúlun:Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.

19. Déanann siad íobairtí conáigh,ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;óir blaiseann siad saibhreas na mara,agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.

20. Dúirt sé faoi Ghád:Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!Luíonn sé mar bhanleon;stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.

21. Thogh sé an chéad roinn dó féin,mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.

22. Dúirt sé faoi Dhán:Coileán leoin é Dán,ag lingeadh ó Bháiseán.

23. Dúirt sé faoi Naftáilí:A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,agus lán de bheannachtaí an Tiarna,bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.

24. Dúirt sé faoi Áiséar:Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;gurb é muirnín a bhráithre é,agus tumadh sé a chosa in ola!

25. Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrásagus do neart comhfhad le do ré.

26. Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.

27. Sé Dia síoraí do thearmann.Anseo thíos sé an lámh shíoraí éag tiomáint an namhad romhat;eisean a deir: “Scrios iad.”

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 33