Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Deotranaimí 21:10-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. “Nuair a théann tú amach chun cogaidh in aghaidh do namhad, agus go ndéanann do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit agus go ngabhann tú iad mar chimí,

11. agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean

12. agus í a bhreith leat abhaile. Bearradh sí a ceann agus scumhadh sí a hingne

13. agus baineadh sí di a héide cime; fanadh sí laistigh de do theach ar feadh míosa agus caoineadh sí a hathair agus a máthair ar feadh míosa gan staonadh. Ní miste duit ansin dul chuici agus do chuid féin a dhéanamh di agus bíodh sí mar bhean agat.

14. Má tharlaíonn go n‑éiríonn tú tuirseach di, tabhair cead a cinn di, gan airgead a éileamh mar cheannach uirthi; ós rud é gur bhain tú feidhm aisti, níl cead agat brabach a dhéanamh uirthi.

15. “Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic,

16. ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart;

17. ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.

18. “Má bhíonn mac ceanndána nó easumhal ag duine, gan aird aige ar ghuth athar ná máthar, agus nach dtógann aon cheann dóibh fiú nuair a chuireann siad pionós air,

19. ansin ní foláir dá athair agus dá mháthair greim a bhreith air agus é a thabhairt amach go seanóirí na cathrach ag geataí na háite ina mbíonn cónaí air,

20. agus a rá le seanóirí na cathrach: ‘Tá an mac seo againn ceanndána easumhal, agus ní ghéillfidh sé dár nguth; déanann sé craos agus bíonn ar meisce.’

21. Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.

22. “Má dhéanann duine coir mharfach agus go gcuirtear chun báis é agus go gcrochann tú ar chrann é,

23. ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.

Léigh chaibidil críochnaithe Deotranaimí 21