1. “Ná híobair don Tiarna do Dhia damh ná caora ar a bhfuil máchail, nó iomard ar bith, mar is gráin leis an Tiarna do Dhia a leithéid.
2. Má bhíonn aon duine, fear nó bean, in bhur measc in aon cheann de na bailte atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, a dhéanann coir is fuath leis an Tiarna do Dhia agus a bhriseann a chonradh,
3. agus a théann ag déanamh seirbhíse do dhéithe eile ag adhradh dóibh - nó don ghrian nó don ghealach nó do cheann de shluaite neimhe, rud a choisc mé,
4. agus go bhfaigheann tú faisnéis air, ansin déan an scéal a fhiosrú go beacht; más fíor é go dearfa go ndearnadh a leithéid de rud gráiniúil in Iosrael,
5. tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.
6. Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.
7. Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t‑olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.