Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Dainéil (Gr) 8:7-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Chonaic mé é ag druidim leis an reithe agus ag dul i ngleic leis; bhí cuthach air ina aghaidh agus bhuail sé an reithe, bhris a dhá adharc, agus gan breith ag an reithe ar sheasamh ina choinne; threascair sé chun talún é agus ghabh de chosa ann, agus gan é ar chumas aon duine an reithe a shábháil óna chumhacht.

8. Chuaigh an pocán i neart go mór, ach in iomlán a nirt, bhris an adharc mhór agus ina háit d'éirigh ceithre adharc shuaithinseach i dtreo cheithre ghaoth neimhe.

9. As ceann díobh d'eascair adhaircín a mhéadaigh go mór i dtreo an deiscirt, an oirthir, agus i dtreo Thír na Glóire.

10. Bhorr a thoirt go slua neimhe, agus chaith sé anuas ar an talamh cuid de shlua na réaltaí agus phasáil orthu.

11. D'ardaigh sé é féin fiú in aghaidh Phrionsa an tSlua, chuir sé an íobairt laethúil ar ceal air agus scartáil sé ionad a shanctóra agus a shlua;

12. [in áit na híobartha chuir sé an urchóid] agus leag sé chun láir an fhírinne; rinne an adharc bearta agus chuaigh chun cinn.

13. Ansin chuala mé neach naofa ag labhairt agus dúirt ceann eile leis siúd a labhair: “Cén fad a mhairfidh an fhís i dtaobh na híobartha laethúla, na hurchóide a mhilleann, agus na gabhála de chosa sa sanctóir agus sa slua?”

14. Dúirt [an chéad cheann leis]: “Ar feadh dhá mhíle trí chéad nóin agus maidin fós; ansin cuirfear an sanctóir arís i seilbh a chirt.”

15. Ag breathnú na físe domsa, Dainéil, lorg mé a ciall agus b'sheo os mo chomhair neach mar dhuine ar a dhealramh.

16. Chuala mé guth duine idir bruacha Úlai ag glaoch: “A Ghaibriéil, tabhair tuiscint ar an bhfís don fhear seo.”

17. Ansin tháinig sé i ngar don bhall ina raibh mé i mo sheasamh, agus, nuair a dhruid sé liom, tháinig scanradh orm agus thit mé ar mo bhéal agus ar m'fhiacla. Ach dúirt sé: “Tuig a mhic an duine gur d'uain na críche atá an fhís.”

18. Thit mo chodladh go trom orm agus é ag caint liom agus m'aghaidh leis an talamh. Bhain sé liom agus d'ardaigh ar mo bhoinn mé.

19. “Cuirfidh mé in iúl duit cad a bheidh i gcrích dheireanach na feirge, óir baineann sé le huain chinnte na críche.

20. An reithe a chonaic tú, is iad ríthe na Méide agus na Peirse a dhá adharc.

21. Is é rí na Gréige an pocán; an adharc mhór idir a dhá shúil, sin é an chéad rí.

22. An adharc bhriste, agus na ceithre adharc eile a d'fhás ina hionad sin ceithre ríocht a éireoidh óna phobal ach nach mbeidh a chumhacht acu.

23. I ndeireadh a réime, in am bhrúchta a n‑olc,éireoidh rí, garbh ina dhreach, sás cruacheasta a réiteach.

Léigh chaibidil críochnaithe Dainéil (Gr) 8